THAR 18 BLIANA D'AOIS AMHÁÍN
Is é 'Mayhem' an togra is déanaí de chuid Féile Nasc. Tabharfar deis dóibh siúd atá i láthair teagmháil a dhéanamh leis an bhfiantas atá fós le fáil in ár ndomhan nádúrtha agus in ár gceol agus ag an am céanna, fanaimid dílis dár ndúchas mar fhéile ag déanamh ceiliúradh ar an 'Nasc' idir ár bpobal, ár gceol agus ár dteanga.
Is feidir leo siúd atá i láthair sár-bhia ceirde ó dhíoltóirí áitiúla a bhlaiseadh chomh maith le beor ó Ghrúdlann cáiliúil O'Haras agus Grúdlann áitiúil Four Provinces.
Is imeacht saor ó phlaisteach í Féile Nasc ata dírithe ar inbhuanaitheacht agus meas ar an timpeallacht agus an dúlra.
Páirc Mharlaí, Baile Átha Cliath