Ceol i measc an nádúr

2 DAY SUMMER MUSIC FESTIVAL, MARLAY PARK, DUBLIN, Ireland

Dé Domhnaigh, 21 Bealtaine

Dé Sathairn, 20 Bealtaine

RÓNÁN Ó SNODAIGH & MYLES O’REILLY

THE LEN COLLECTIVE

Dave Munnelly and Shane McGowan

CHILDREN's ACTIVITIES

Forest Camp
Óga Yoga
Ceardlann Drumadóireachta
Picnic TeidÍ


FAMILY
 FRIENDLY

Ispíní na h-Éireann

THE BONNYMEN

Róisín O

THAR 18 BLIANA D'AOIS AMHÁÍN

DAY 1

DAY 2

Ár Scéal

Thosaigh Féile Nasc mar fhéile ceoil lae i bPáirc Mharlaí i 2019. In 2023, reachtálfar clár na féile thar dhá lá. Beidh ceol den chéad scoth ann do chuile dhuine inár láthair álainn i bPáirc Mharlaí. 

Ar Dé Sathairn, an 20ú Bealtaine, tabharfar ardán do réimse ilghnéitheach ceoltóirí (ceol agus focal labhartha) traidisiúnta agus ceoltóirí dúchasacha comhaimseartha. Freastalófar ar lucht féachana fásta de gach aois agus toil. 

Is cuid lárnach de eiteas na féile í an Ghaeilge. Reachtáiltear na himeachtaí ar fad do na páistí go dátheangach. Spreagtar do na ceoltóirí a gcuid Gaeilge a úsáid ar an ardán más féidir. Faighimid tacaíocht láidir ó Chonradh na Gaeilge, na Cumainn Ghaelacha sna coláistí triú leibhéal agus Gaelscoileanna an cheantair ónar thosaíomar amach in 2019. De bharr na tacaíochta seo, bíonn líon mór de phobal na Gaeilge linn gach bliain. Déantar ár gcuid margaíochta go dátheangach gach bliain. Tríd ár gcuid oibre ar fad, tá spás orgánach cruthaithe againn do phobal na Gaeilge. 

An Ghaeilge

Mar fhéile, leanaimid ar aghaidh cur inmhúinitheacht chun cinn agus déanfaimid forbairt leanúnach ar an teachtaireacht seo. Úsáidfidh ár ndíoltóirí áitiúla earraí muiríneach agus bia áitiúil amháin. Moltar dóibh siúd atá ag freastal ar an bhféile úsáid a bhaint as iompar poiblí nó siúl na gcos. Fógrófar an teachtaireacht seo go soiléir ar na meáin. Tá ár bpolasaithe tar éis tionchar a bheith acu ar pholasaithe an Chomhairle.  

Inbhuanaitheacht

Dé Domhnaigh, 21ú Bealtaine
Chomh maith le hardán a thabhairt do scoth na gceoltóirí áitiúla agus náisiúnta ó shaol an cheoil thraidisiúnta agus ó cheoil dhúchas na tíre, díreofar freisin ar ghníomhaíochtaí na bpáistí agus tabharfar deis do pháistí ó scoileanna áitiúla a gcuid ceoil a sheinm ar an lá. I measc na ngíomhaíochtaí do pháistí, beidh an Scoil Foraoise, yoga, ceardlann drumadóireachta agus péinteáil aghaidh. Reachtálfar na gníomhaíochtaí ar fad as Gaeilge. Déanfar ceiliúradh ar an Nasc tríd an cheoil a sheinnfear thar an dá lá. 

Mayhem

Féile Nasc

Thar 18 bliana d'aois amháín

Plastic-Free
 Saor ó Phlaisteach

Buíochas ó chroí lenár n-urraitheoirí

Thanks to our sponsors